Lá Breithe Sona
Ag comóradh 30 bliain de chothú na Gaeilge, an chultúir, an phobail agus na foghlama.
Commemorating 30 years of nurturing the Irish language, culture, community and learning.
Mar chuid den gcomóradh, reáchtáladh mórócáid fhoirmeálta sa Seomra Ciorclach i dTeach an Ardmhéara le déanaí. Bhí an Ghaeilge, an ceol agus an cultúr fite fuaite go nádúrtha tríd an ócáid, a léirigh spiorad agus féiniúlacht na scoile.
As part of the commemoration, a gala event was organised in The Round Room in the Mansion House recently. Gaeilge, music and culture were woven seamlessly throughout the occasion, which demonstrated the spirit and identity of the school.
2027/2028
Cuirimid fáilte roimh iarratais don scoilbhliain 2027/2028 anois. Foirm Iarratais ar fáil ón nasc thíos:
We are now accepting applications for the 2027/2028 schoolyear. The Enrolment Form is available at the link below:
https://static1.squarespace.com/static/5f3bd6798b1b30020c456b3a/t/65aa61834128930be131490d/1705664900010/Foirm+Iarratais.pdf
Dáta dúnta: 6ú Samhain/Closing date: November 6th
Más athrú scoile atá i gceist, tá an fhoirm ar fáil ag an nasc seo thíos:
Forms for change of school are available at the link below:
https://static1.squarespace.com/static/5f3bd6798b1b30020c456b3a/t/62500526de42df1cd8632047/1649411368666/Foirm+Iarratais+%28athru%CC%81+scoile%29.pdf
Tá an Polasaí Iontrála le léamh ag an nasc seo thíos:
The Enrolment Policy is available to read at this link:
https://static1.squarespace.com/static/5f3bd6798b1b30020c456b3a/t/601b0182792c8877a5dfa64b/1612382597092/Polasai%CC%81+Iontra%CC%81la%3AEnrolment+Policy.pdf
Bígí ag comhrá
Éistigí le leanaí ó Rang a 1 agus Rang a 4 ag cur nathanna úsáideacha in abairtí daoibh.
Bainigí triail as!
Más mian éisteacht siar le taifead a deineadh roimh seo, brúigh ar an lipéad ‘Bígí ag comhrá’ thuas.
Listen to children from Rang a 1 and Rang a 4 putting some useful phrases into sentences. Give it a go!
If you would like to listen back to previous recordings, just click on the ‘Bígí ag comhrá’ tab in the menu above.
Córfhéile na Scoileanna
Comhghairdeas ollmhór le leanaí na scoile, a fuair ardmholadh ag an gCórfhéile i rith na sceachtaine. Ba léir gur bhaineadar féin, an lucht féachana agus na moltóirí an-taitneamh as an gcur i láthair.
Cóiriú ceoil don gcór, cumadóir ‘Dia de Los Muertos’ agus tionlacaí pianó - an bhean ildánach, Múinteoir Natalie. Múinteoir Caitlín an ghutha bhinn a stiúir.
Agus bheadh sé deacair an banna ceoil a shárú. Ceoltóirí den scoth iad, agus ní haon ionadh é le Ciarán Tourish mar mhúinteoir acu.
Maith sibh gach duine!
Many congratulations to the children, who received high praise at the Córfhéile during the week. Their enjoyment of the performances, as well as that of the audience and judges was clear to see.
Musical arrangements for the choir, writer of ‘Dia de Los Muertos’ and piano accompaniment - the multi-talented Múinteoir Natalie. Conducted by Múinteoir Caitlín who has a beautiful singing voice.
And of course the wonderful instrumentalists in the band. It’s no wonder they’re such talented musicians with Ciarán Tourish as a teacher.
Well done all!
Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8
Rang a 5 ag glacadh páirte san agóid lasmuigh den Dáil maidir leis an nGaelcholáiste nua a gealladh don gceantar.
Cluichí Clóis
Seo sampla de na cluichí clóis a mhúin Rang a 5 do Rang a 1. Cluichí de chuid sráideanna Bhaile Átha Cliath cuid acu, gur cuireadh Gaeilge orthu roinnt bhlianta ó shin.
A Mháire Bheag
“A Mháire bheag, a Mháire bheag, A bhíonn i gcónaí ag gáire, An dtuigeann tú, an dtuigeann tú, An lá a bheidh ann amárach? Lá Bealtaine, Lá Bealtaine
An chéad lá geal den samhradh.” “Anois a Mháire dún do shúile. Cas timpeall trí huaire. A haon, a dó, a trí. Cuir amach do lámh agus pioc duine eile.”
Isteach is Amach Trí na Cloigíní Gorma
“Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Ar maidin gheal an lae.”
“Tap a rap a rapar ar a ghuaillí,
Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Ar maidin gheal an lae.”
Tionscnamh le ceol agus ealaín á dhéanamh againn bunaithe ar shaothar Ted Furey.
Thug Áine Furey cúirt ar an scoil agus tá na poirt á bhfoghlaim ag na leanaí ó Chiarán Tuairisc. Tourish.
The Devil’s Dream
Seoladh albam de chuid Natalie Uí Chasaide agus Iarfhlaith Uí Dhomhnaill sa scoil aréir, in éindí le Libby McCrohan agus Maitiú Ó Casaide.
Brí, beocht, brón, grá, greann, pleidhcíocht agus diabhlaíocht sa cheol agus sa chur i láthair.
https://natalienchasaideiarfhlaithdomhnaill.bandcamp.com/album/the-devils-dream
chun seilbh a ghlacadh ar phíosa draíochta.