An Ghaeilge

Is í an Ghaeilge príomhtheanga chumarsáide, mhúinte agus foghlama na scoile agus is i nGaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil. Is córas lántumtha atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a theagasc go dtí Rang a 1.

Déantar gach iarracht bród agus meas a chothú dár dteanga i measc na bpáistí tríd iad a spreagadh, a ghríosú agus a mholadh chun an Ghaeilge a labhairt. Labhraítear í i dtimpeallacht na scoile, sa seomra ranga, sa chlós agus ag ócáid ar bith a bhaineann leis an scoil. Iarraimid ar thuismitheoirí/chaomhnóirí agus gach duine eile a bhíonn bainteach leis an scoil cuidiú linn agus sinn ag cruthú “Gaeltacht” inár scoil agus inár dtimpeallacht.

Molaimid go mór iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa bhaile nuair is féidir, is cuma muna mbíonn ann ach an cúpla focal, nathanna cainte nó abairtí anseo is ansiúd. Is mór an chabhair dúinne agus don bpáiste má bhíonn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge le sonrú sa bhaile, chomh maith leis an scoil. (Féach Polasaí Tumoideachais Lios na nÓg).

The Irish Language

Irish is the primary language of communication, teaching and learning in the school and the children are spoken to in Irish from the start. A system of total immersion is in place and English language teaching does not begin until First Class.

Every effort is made to encourage pride in and respect for the language amongst the children through reward and praise for speaking Irish. Irish is spoken in the school environs, the classrooms, the yard and on any occasion that is connected with the school.

We request that parents/guardians and any others connected with the school strive to help us create a “Gaeltacht” in the school and amongst the school community. We hugely encourage you to speak Irish at home, no matter how little or how often. Creating a positive attitude to Irish at home by using even a few words or sayings now and again is hugely beneficial and encouraging for your child and helpful to us (see our Early Immersion Policy).