Screenshot 2021-04-30 at 19.09.37.png

Stair an Tí

Teach Fhiodh Cuilinn

Tá Teach Fhiodh Cuilinn ar Bhóthar Oakley i Ranallach. Níl aon bhaint aige leis an ainm ‘Cullen’ ach tagann sé ón nGaeilge ‘Fiodh Cuilinn’ nó 'holly wood'. Ba thrí cheantar Ranallach a bhí an seanbhealach stairiúil ‘Slighe Chualainn’ agus deirtear linn go raibh a lán coillte sa cheantar seo uair amháin. Tá sé i mbéaloideas an cheantair gur tháinig Muintir Uí Bhroin thar shléibhte Bhaile Átha Cliath go suíomh Theach Fhiodh Cuilinn fadó chun troid in aghaidh Phlandálaithe Sasanacha ó Bhriostal.

Bartholomew Mosse

Bhunaigh Bartholomew Mosse Ospidéal an Rotunda sa bhliain 1745. Is é an Rotunda ceann de na hospidéil is cáiliúla in Éirinn agus an chéad ospidéal dá leithéid san Eoraip. Fuair sé bás i dTeach Fhiodh Cuilinn ar an séú lá déag de Mhí Feabhra 1759.

9977014eae9f1c56cec6f62e715f8cfb.jpg

Charles Joly

Ba é seo an chéad tagairt a déantar sa stair de Theach Fhiodh Cuilinn. Bhí sé ina chónaí ann agus dhíol sé an teach le John Lecky ó Chontae Laois, sa bhliain 1833. Ba é John Lecky seanathair William Lecky an staraí clúiteach a bhfuil dealbh leis i gColáiste na Tríonóide.

Screenshot 2021-04-30 at 17.58.18.png

William Lecky

Chónaigh muintir Lecky sa teach ar feadh na mblianta agus ba ann a rugadh an staraí William Lecky i 1838, garmhac do John Lecky. Albanach ab ea a athair agus Sasanach a mháthair. Cé go raibh meon Sasanach agus Eorpach ag William Lecky bhí sé bródúil gurbh Éireannach é. Ba Phrotastúnach é agus Aontachtach liobarálach é féin agus bhí an-mheas aige ar mhuintir na hÉireann.

Tar éis clann Lecky, bhí a lán daoine (deirtear linn seachtar) a dhíol agus a cheannaigh an teach, duine acu siúd ná George James Patterson a dhíol é le Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1908 ar £370.00

Goscombe_John_-_WEH_Lecky_statue_(1906).jpg
Padraig Pearse.jpg

Pádraig Mac Piarais

Rugadh agus tógadh Pádraig Mac Piarais i 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1879. Sasanach ó Londain ab ea a athair agus dealbhadóir ab ea é. Éireannach ab ea a mháthair.

Bhunaigh sé scoil dhátheangach do bhuachaillí i dTeach Fhiodh Cuilinn ar an 8ú Meán Fómhair 1908, ar ar tugadh Scoil Éanna. Teach mór a bhí ann agus gáirdíní agus páirceanna timpeall air. Daichead dalta a bhí ann an chéad lá agus faoi dheireadh na céad bliana bhí suas le dhá oiread sin sa scoil. Scoil do bhuachaillí lae agus do bhuachaillí cónaithe a bhí ann. Bhí béim ar an dátheangachas, an ealaín, an drámaíocht, an dúlra agus an spórt.

Bhí áthas an domhain ar Phádraig Mac Piarais le Teach Fhiodh Cuilinn. Seo a rud a dúirt sé: “and first it is a pleasant thing to be housed in one of the noble old Georgian mansions of Dublin with an old garden full of fruit trees under our windows and a hedgerow of elms, sycamores amd beeches as the distant boundary of our playing fields. Cullenswood House has memories of its own.” ó ‘Four Roads to Dublin’.

Chónaigh a mháthair agus a dheirfiúracha sa teach agus bhíodh páirt acu beirt in obair na scoile, ag tabhairt aire do na scoláirí aíochta agus ag réiteach béilí.

Chaith sé dhá bhliain ann sular aistríodh go dtí láthair níos fairsinge i Ráth Fearnáin sa bhliain 1910. Ceann de na fáthanna a bhí leis seo a dúirt sé:

“...the city was too near, the hills were too far.”

Múinteoirí Scoil Éanna

Tomás Mac Donnchadha (Leas-Phríomhoide) (1878-1916)

Rugadh i Cloch Shiurdáin, Contae Thiobraid Árann é sa bhliain 1878. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste an Tobair (Rockwell College) agus in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Bhí sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge. Bhí grá mór aige don Ghaeilge agus théadh sé ar saoire go hÁrainn go minic. Ghlaoití “Fear an Rothair” air in Árainn mar ba é a thug an chéad rothar go hÁrainn. Ba in Árainn a bhuail sé le Padraig Mac Piarais. Cairde móra ab ea iad. Bhíodh sé ag múineadh Béarla i Scoil Éanna. Ollamh le Béarla ab ea é agus file a bhí ann chomh maith.

Screenshot 2021-04-30 at 18.23.25.png


Con Colbert (1888-1916)

Rugadh agus tógadh é i gContae Luimní sa bhlian 1888. Bhíodh sé ag múineadh gleacaíochta i Scoil Éanna.

Con_Colbert,_circa_1910s.png

Liam Mac Piarais (1881-1916)

Rugadh Liam, deartháir óg Phádraig, ar an 15ú Samhain 1881. Chuaigh sé ar scoil i Westland Row agus ina dhiaidh sin go dtí an Coláiste Ealaíne, inar cháiligh sé mar dhealbhadóir. Múinteoir Ealaíne agus Líníochta ab ea é i Scoil Éanna. Bhí an-spéis aige sa drámaíocht freisin. Aisteoir maith ab ea é agus ghlac sé páirt i ndrámaí in Amharclann na Mainstreach. Cuireadh Liam Mac Piarais chun báis ar an 4ú Bealtaine 1916 le Joseph Plunkett, Edward Daly agus Michael O’Hanrahan.

Screenshot 2021-04-30 at 18.25.12.png

Eoin Mac Neill (1860-1945)

Rugadh é i 1860 agus fuair sé bás i 1945. D’fhreastal sé ar Ollscoil na hÉireann. Bhíodh sé ag muineadh i Scoil Éanna, Teach Fhiodh Cuilinn thart ar an mbliain 1908. Is eisean a bhunaigh Óglaigh na hÉireann.

Screenshot 2021-04-30 at 18.26.10.png
Cárta poist (1910) - PHP - Adam's Auctioneers.png

Cárta poist a scríobh An Piarsach i 1910, maidir le ceantáil an Tí.

(Díoladh an cárta in Adam’s Auctioneers, 2016)

Scoil Íde i dTeach Fhiodh Cuilinn

Nuair a bhog Scoil Éanna go Ráth Fearnáin sa bhliain 1910, bunaíodh Scoil Íde i dTeach Fhiodh Cuilinn mar scoil dhátheangach do chailíní (1910-1912).

Mhúin an scríbhneoir Mary Maguire inti. Phós sí an scríbhneoir Pádraig Colum ina dhiaidh sin. Múinteoir eile a bhí ansin ná Luise Ghabhánach Ní Dhufaigh, a bhunaigh Scoil Bhride, an chéad Ghaelscoil sa tír, i 1917 i bhFaiche Stiabhna. Is i ngairdiní Theach Fhiodh Cuilinn atá Scoil Bhride an lae inniu.

Lean Scoil Íde agus Scoil Éanna ar aghaidh ach bhí a lán rudaí ag tarlú in Éirinn ag an am. Bhí na hÓglaigh gníomhach agus ag fás de réir a chéile agus bhí múinteoirí Scoil Éanna páirteach iontu. Bhí Bráithreachas Poblachta na hÉireann an-ghníomhach freisin agus bhí spéis á chur acu sa teanga agus sa chultúr. Bhí Pádraig Mac Piarais ag dul níos mó agus níos mó leis an bpolaitíocht. Bhí deacrachtaí airgid ag Scoil Éanna agus chuaigh Pádraig Mac Piarais go Meiriceá ar feadh trí mhí ag bailiú airgid agus ag léachtóireacht.

1916

Thosaigh na Trioblóidí nua i mí Mheán Fómhair 1914. Thosaigh Óglaigh na hEireann agus an IRB ar éirí amach a phleanáil. In 1916 bhí scrios sa cathair. Fuair 550 bás ar Luan na Cásca. Léigh Pádraig Mac Piarais an Fórógra ag an Príomhoifig an Phoist. Gabh na Sasanaigh seiseann agus na ceannairí eile. Ghéill na hÓglaigh agus cuireadh chun báis iad.

Tar éis an Éirí Amach

Tháing máthair An Phiarsaigh agus an teaghlach agus daltaí scoil Éanna ar ais go Teach Fhiodh Cuilinn. Lean an scoil ar aghaidh anseo faoi stiúir Sheosaimh Mhic Dhonncha (Ard-Mháistir) agus Brian Seoighe – seanuncail Nóirín Uí Chatháin, atá ag múineadh i Lios na nÓg.

Na Dúchrónaigh

Thosaigh Cogadh na Saoirse in 1919. Sa bhliain chéanna chuir na Sasanaigh saighdiúrí breise go hÉirinn chun smacht a choinneáil agus chun stop a chur leis an IRB. Na Dúchcrónaigh an t-ainm a tugadh orthu mar gheall ar na dathanna a bhí ar a gcuid eadaí.

D’ionsaigh na Dúchrónaigh Teach Fhiodh Cuilinn agus rinne Maud Gonne MacBride cur síos ar an scrios:

“Soldiers were engaged in sacking the house. We could see them on the roof working with pickaxes and from a distance could hear the crashing of broken masonry as the chimney stacks fell to the ground. Inside the now frameless windows one could see khaki clad figures with picks and crowbars working at destruction like maniacs ..." The Four Roads to Dublin”

Cuireadh bail ar an teach arís agus ba leis an Dochtúir Margaret Mac Piarais Teach Fhiodh Cuillinn. I 1960 bhronn sí ar an Stát é agus bhíodh sé mar theach cónaithe ag clanna difriúla go dtí gur thit sé as a chéile mar nach raibh éinne ag tabhairt aire cheart dó.

Michéal Ó Coileáin

Lean Cogadh na Saoirse ar aghaidh in Éirinn agus bhí fear darbh ainm Michéal Ó Coileáin an-ghníomhach ann. Bhí oifig bheag aige i dTeach Fhiodh Cuilinn thíos staighre.

"Collins is now in St Ita`s (Áras Cullenswood) the room was called the dug out. It had been a cellar or some kind of storeroom . The door was not easy to find. Collins was working at a big wooden table. His back to bare white wash walls, a pile of addressed envelopes in front of him." Frank O’Connor, ‘The Big Fellow’.

Screenshot 2021-03-22 at 12.16.02.png
‘Cullenswood House destroyed by Auxiliary forces, March 1921’.

‘Cullenswood House destroyed by Auxiliary forces, March 1921’.

Tá an íomhá seo faoi chóipcheart agus atáirgthe anseo le caoinchead ó Ard-Mhúseum na hÉireann

This image is subject to copyright and is courtesy of The National Museum of Ireland

An Coiste - Cumann Theach Fhiodh Cuilinn

I 1987 bhí Teach Fhiodh Cuilinn ag titim as a chéile. Bhí poll sa díon agus na préacháin ag eitilt tríd. Bhí na ballaí ar tí titim anuas. Ní raibh cead isteach ag éinne mar go raibh sé chomh dainséarach.

Bhí roinnt daoine chun an teach a leagan agus roinnt eile ag iarraidh é a chaomhnú. Bhí cruinniú i bPáirc Ansley i Ranallach, i dteach Herbert Egan, chun iarracht a dhéanamh an teach a shábháil.

Screenshot 2021-03-22 at 11.45.11.png

Bunaigh Herbert Egan Cumann Fhiodh Cuilinn leis an ngrúpa daoine sin chun an teach a shábháil agus cruth maith a chur air.

B’í an aidhm a bhí acu ná músaem a thosnú chun an teanga agus an traidisiún a choinneáil beo. Fuarthas gníomhais an tí i 1990 ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Ba iad na daoine a bhí sa ghrúpa ná Séamus Mac Guidhir, Pádraigín Ní Ghuidhir, Maireád Uí Fharachtáin, Uinsíonn Ó Farachtáin, Máire Davitt, Áine Ní Dhubhghaill, Michael B. Ó Cléirigh, Willie Bennett, John Baken, Liam Ó hOisín, Michael Mac Gréil, Jim Heron agus Monica Clune.

cáipéisí a bhaineann le coiste an tí - scéal faoin teach sa pháipéar .jpg
Ranelagh News 1984.jpg

Ag Bailiú Airgid

Ba é seo an méid a dúirt Pádraigín Ní Ghuidhir linn an lá a tháínig sí isteach ag caint linn faoi obair an Choiste.. “Thóg sé tamall ar an gCumann go leor airgid a bhailiú chun árachas a fháil ar an teach. Nuair a fuair siad an t-árachas, bhailigh siad níos mó airgid. Nuair a bhí go leor airgid acu rinne siad cóiriú ar sheomra beag amháin sa teach” (an seomra ina raibh an Naíonra go dtí le déanaí) agus bhíodh cruinnithe acu ansin. Rinne siad a lán rudaí chun airgead a bhailiú, idir mhargaí saothair agus ceantanna. Bhailíodar píosaí beaga airgid anseo agus ansiúd ach d’éirigh Herbert Egan an tinn. Bhí brionglóid aige go bfhuair siad suim mhór airgid don teach, agus an lá a fuair sé bás (beannacht Dé lena anam dílis) an 6ú/7ú do mhí Feabhra 1991 tháinig fíorú ar a bhrionglóid. Fuair siad £120,000 ó Dháil Éireann. Leis an airgead seo chuir siad díon nua ar an dteach agus déanadh obair ar na ballaí chun iad a dhéanamh sábháilte. Lean siad orthu ag bailiú an airgid mar go raibh neart oibre fós le déanamh. Sa deireadh fuair siad £40,000 ón gCrannchur Náisiúnta lenar chóirigh siad ceithre sheomra eile. Sa bhliain 1998 rinne siad cóiriú ar sheomra thíos staighre.

Ordú Caomhnaithe

Bhí gasra daoine ag cabhrú ó thús go deireadh chun órdú caomhnaithe a fháil don teach. Rinne said a lán oibre chun é sin a bhaint amach. Bhí orthu airgead a bhailiú chun feabhas a chur ar an teach agus é a dheisiú. Sa deireadh, dúradh leo go raibh ord caomhnaithe le cur ar an bhfoirgneamh. Labhair Pádraigín Uí Ghuidhir ar cad a bhí orthu a dhéanamh. Siníodh conradh a mhaígh nach raibh cead aon rud a athrú i dTeach Fhiodh Cuilinn, an taobh amuigh san áireamh. Munar deineadh uinéirí an tí an teach a chosaint cuireadh pionóis mhóra throma orthu: fineáil €1 milliún nó tréimhse 5 bliana sa phriosún.

Tá an foirgneamh seo liostáilte de bharr na hailtireachta, na staire, na seandalaíochta agus an chultúir. Tá fuinneoga móra i ngach seomra, maraon le síleálacha arda freisin. Bhí gairdín mór le crainn mhóra ag fás ann ach tá clós na scoile againn sa lá atá inniu ann.

 
Screenshot 2021-03-22 at 10.29.18.png
Screenshot 2021-03-22 at 12.50.46.png

An tAthbheochán!

Bunaíodh Lios na nÓg sa bhliain 1996, scoil lán-Ghaeilge do bhuachaillí agus do chailíní. Bhog siad isteach i dTeach Fhiodh Cuilinn i Mí na Nollag 1997. Áine Nic an tSíthigh agus Nóirín Ní Chatháin na múinteoirí. Bhí dhá rang ann – Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra. Iadsan a scríobh cuid mhaith den téacs seo nuair a shroicheadar ranganna a 5 agus a 6. Thuigeadar go rabhadar i dteach álainn stairiúil.

Screenshot 2021-03-30 at 18.02.01.png
Screenshot 2021-03-22 at 12.30.19.png
Screenshot 2021-03-22 at 11.47.19.png