Bígí ag comhrá linn!
Éistigí leis na leanaí ag plé cúrsaí an tsaoil gach aon tseachtain chun sibhse a spreagadh an rud céanna a dhéanamh as Gaeilge.
Listen to the children discussing different matters each week to inspire you to do the same ‘as Gaeilge’.
Táimid ag druidim i dtreo deireadh na bliana féilire agus ceann de na tréimhsí is loinní atá ann, is dócha. Seo Rang a 5 chun cabhrú libh cúpla friotal Gaeilge a úsáid thar séasúr na Nollag.
We’re approaching the end of the calendar year and one of the most exciting times. Rang a 5 have a few useful phrases for you to use during the Christmas season.
Fáilte isteach agus éistigí leis na leanaí
Welcome and listen to what the children have to say
Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8
Rang a 5 ag glacadh páirte san agóid lasmuigh den Dáil maidir leis an nGaelcholáiste nua a gealladh don gceantar.
Cluichí Clóis
Seo sampla de na cluichí clóis a mhúin Rang a 5 do Rang a 1. Cluichí de chuid sráideanna Bhaile Átha Cliath cuid acu, gur cuireadh Gaeilge orthu roinnt bhlianta ó shin.
A Mháire Bheag
“A Mháire bheag, a Mháire bheag, A bhíonn i gcónaí ag gáire, An dtuigeann tú, an dtuigeann tú, An lá a bheidh ann amárach? Lá Bealtaine, Lá Bealtaine, An chéad lá geal den samhradh.” “Anois a Mháire dún do shúile. Cas timpeall trí huaire. A haon, a dó, a trí. Cuir amach do lámh agus pioc duine eile.”
Isteach is Amach Trí na Cloigíní Gorma
“Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Ar maidin gheal an lae.”
“Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Ar maidin gheal an lae.”
Tionscnamh le ceol agus ealaín á dhéanamh againn bunaithe ar shaothar Ted Furey.
Thug Áine Furey cúirt ar an scoil agus tá na poirt á bhfoghlaim ag na leanaí ó Chiarán Tuairisc. Tourish.
The Devil’s Dream
Seoladh albam de chuid Natalie Uí Chasaide agus Iarfhlaith Uí Dhomhnaill sa scoil aréir, in éindí le Libby McCrohan agus Maitiú Ó Casaide.
Brí, beocht, brón, grá, greann, pleidhcíocht agus diabhlaíocht sa cheol agus sa chur i láthair.
https://natalienchasaideiarfhlaithdomhnaill.bandcamp.com/album/the-devils-dream
chun seilbh a ghlacadh ar phíosa draíochta.